AN PARAIDÍM AG ATHRÚ SA TEANGEOLAÍOCHT FHEIDHMEACH: TEOIRCÍ NUA AGUS MODHANNA NUA
Dé Sathairn an 19 Samhain 2016, Mol an tSeomra Fhada
Comhdháil Bhliantúil Chumann Teangeolaíochta Feidhmí na hÉireann (CTF), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Éire
Féachann comhdháil bhliantúil CTF le hearnálacha uile na teageolaíochta feidhmí in Éirinn a thabhairt le chéile. Ag teacht le téama na bliana seo, fáilteoimid roimh aighneachtaí a bhaineann le cur chuigí modheolaíochta agus teoiriciúla atá ag teacht chun cinn i ndáil le staidéar a dhéanamh ar shealbhú an chéad agus an dara teanga, an dara teanga agus teanga iasachta a fhoghlaim, múineadh teanga, beartas, curaclaim agus measúnú, ríomhfhoghlaim agus CALL. Fáilteofar go háirithe roimh aighneachtaí ó thaighdeoirí atá i dtús a gcuid taighde, ina measc mic léinn iarchéime atá ag tabhairt faoi thionscadail Máistreachta agus Ph.D. Ar chlár na comhdhála freisin beidh plé comhchéime ar ábhar acadúil a fhoilsiú, ar thograí deontais agus ar fhorbairt ghairme.
Príomhchainteoir: An Dr Françoise Blin, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is Léachtóir Sinsearach le Fraincis í an Dr Blin i Scoil na Teangeolaíochta Feidhmí agus na Staidéar Idirchultúir. Is í Uachtarán Chumann na hEorpa d'Fhoghlaim Teanga le Cúnamh Ríomhaireachta (EUROCALL) agus an comheagarthóir ar ReCALL, arna fhoilsiú ag Cambridge University Press. Tá sí ag múineadh Fraincise agus i mbun taighde ar úsáid na teicneolaíochta i múineadh agus i bhfoghlaim na teanga le breis is 30 bliain.
Táimid ag lorg aighneachtaí maidir le dhá chineál cur i láthair:
• PÁIPÉIR AONAIR: Cur i láthair foirmiúil ar shaothar taighde bunaidh de chuid údar amháin nó níos mó le cur i láthair laistigh de 20 nóiméad. Cuirfear 2/3 pháipéar i láthair ag gach seisiún.
• LÉACHTAÍ LASTA: Beidh na léachtaí lasta ar siúl roimh an gcaint iomlánach agus é de chuspóir leo an lucht éisteachta a spreagadh maidir le ceisteanna agus cleachtais sa teangeolaíocht fheidhmeach agus i dteagasc teangacha, le béim ar an ré atá romhainn. Tabharfar na léachtaí lasta ar nós a thabharfaí TED-talk agus iad idir 5 agus 7 nóiméad an ceann.
Glaoch ar Aighneachtaí: Cuirtear faoi bhráid coimre nach faide ná 200 focal, lena n-áirítear teideal nach faide ná 20 focal, d'ainm, an foras lena mbaineann tú agus do sheoladh ríomhphoist chuig [email protected] roimh an dáta deiridh do thairiscintí an 30 Meán Fómhair 2016. Luaitear go soiléir, le do thoil, catagóir an chur i láthair (páipéar nó léacht lasta) sa choimre. Déanfar na páipéir a athbhreithniú go hanaithnid agus cuirfear lucht cur i láthair ar an eolas faoi 14 Deireadh Fómhair. An spriocdháta le clárú: 1 Samhain 2016.
Táillí na Comhdhála:
€25 do bhaill CTF (€15 ar mhic léinn lánaimseartha, daoine ar scor, daoine gan teacht isteach)
€65 do dhaoine nach baill CTF iad (€35 ar mhic léinn lánaimseartha, daoine ar scor, daoine gan teacht isteach).
Tabhair cuairt ar www.iraal.ie/membership chun a bheith i do bhall den CTF.